An feirm: “Tá timpeall 300ac agam idir talamh maith agus talamh atá fluich – tá sé measctha.”

Teaglach: “Tá seisear sa teaghlach; mo bhean chéile Úna, mo thriúr mac, Niall, Dónal agus Cathal agus m’iníon Nóra. Tá Niall ag obair ar an bhferim.”

Na beithígh: “Tá 140 bó bainne agam agus 360 beithíoch atá á ramhrú. Is Freaslannaigh (Friesians) agus roinnt geirseoga (Jersey cross) iad na ba bainne. Na beithígh atá á ramhrú, is Freaslannaigh X Angus iad.”

Báinne: “Díolaimid an bainne le Cáis Coolea i Maigh Chromtha agus tá roinnt bainne díolta againn le Dairygold freisin.”

An aimsir: “Ba gheimhreadh an-fhada a bhí ann, bhí sé ag báistí ó mhí Iúil. Bhí sé an-deacair sciodair a scaipeadh ar an talamh. Bhí na tancanna lán le sciodair ach bhogamar cuid de go tancanna eile an tseachtain seo caite. Níl na ba bainne amuigh sna páirceanna fós – tá an talamh ró-fhluich.”

An CAP: “Tá súil agam go bhfuil an chéad Comhbheartas Talmhaíochta eile níos fearr ná an ceann deireanach agus go mbeidh sé rialaithe in Éirinn ag Rialtas na hÉireann, seachas díreach ón Eoraip.”

Dúshlain: “Tá cumhacht na n-ollmhargaí ag laghdú na bpraghsanna atá á n-íoc le feirmeoirí déanann sé sin dochar d’fheirmeoirí. Ba bhliain dheacair í d’fheirmeoirí gráin agus beithígh mhairteola chomh maith anuraidh. Bhí sé deacair na beithígh a fháil réidh don mhonarcha.”

As Béarla

My farming week: Dan Lynch, Coolea, Ballyvourney, Co Cork

The farm: "I have around 300ac and the ground is mixed, some of it is good and some of it is wet."

Family: "There’s six in my family; my wife Una, my three sons, Niall, Donal and Cathal and my daughter Nora. Niall works full-time on the farm."

Cattle: "I have 140 dairy cows and 360 cattle for fattening. The dairy cows are Friesians and a few Jersey crosses. The fattening cattle are dairy-beef and are Friesians crossed with Angus."

Milk: "I sell the milk to Coolea Cheese in Macroom and the surplus milk goes to Dairygold."

The weather: "It was a very long winter, it was raining since the month of July. It’s very difficult to spread slurry. The tanks were full with slurry but we moved some into another tank last week. The dairy cows haven’t been out yet – it’s been too wet."

The CAP: "I hope that the next Common Agricultural Policy (CAP) is better than the last one and that it’s controlled in Ireland by the Irish Government, not from Europe directly."

Challenges: "The power of the supermarkets is bringing down the prices paid for farmers and that is bad. Also, it was a bad year for grain and beef farmers as well last year. It was hard to finish cattle."