An fheirm: “Is mise Séaghan Ó Súilleabháin, An Kerry Cowboy. Táim i mo chónaí ar fheirm dhéiríochta i gcroílár chontae Chiarraí. Bím ag cruthú ábhair ar Instagram agus Tiktok maidir leis an saol feirme i measc go leor eile. Bíonn gach duine i mo theaghlach ag obair ar an bhfeirm – m’athair, mo mháthair, mo dheirfiúr Niamh, mé féin agus tá fear fostaithe againn chomh maith.”

Ainmhithe: “Tá 90 bó Friesian againn ar an bhfeirm seo. Bímid an-ghnóthach leo an t-am seo bliana agus gamhna ag teacht ar an saol gach aon lá. Thosnaigh siad ag breith ag tús mhí Feabhra agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí tús mhí Aibreáin. Coimeádfaimid fiche gamhain le bheith mar bha bainne amach anseo.”

Gamhna: “D’úsáideamar ‘sexed semen’ i mbliana agus mar sin, ní raibh mórán bullán friesian againn dá bharr. Bhí a thuilleadh gamhna againn ónár dtarbh Hereford féin agus ó thairbh mhairteola eile le hinsíolú saorga. Díoltar iad san le comharsain béal dorais uainn.”

Caoire: Ceannaímid timpeall ar 150 uan sa bhfómhar ó fheirmeoirí cnoic, bíonn siad ar féarach le linn an gheimhridh agus díolaimid arís san earrach iad. Tá cuid acu díolta cheana féin agus díolfar a thuilleadh an tseachtain seo, tá praghas maith fé láthair orthu, go bhfana sé mar sin.”

Capaill: ”Tá cúpla capall againn leis. Tá láir Irish Draught agam, Lady, atá deich mbliana d’aois. Tá sí ag súil le searrach i láthair na huaire agus táimid go léir agus tá ana-sceitimíní orainn fé. Gan dabht, ní féidir liom mo mhadra, Braindí, a dhearúd. Sin í réalt na bhfíseán.”

Seachtain na Gaeilge: “Bhíos sa Farmers Journal don bpíosa céanna le linn Seachtain na Gaeilge ocht mbliana ó shin. Is cuimhin liom fós gur chroch mo mhúinteoir eolaíocht talmhaíochta an leathanach thuas ar an bhfalla ar scoil, bhíos ana-bhródúil go deo. Táim ag cuimhneamh ar an méid rudaí atá tar éis athrú ó shin, ach nach deas a bheith thar nais arís?!”