An feirm: “Is feirm dheiríochta í ‘s tá 70 bó bhainne againn ar níos mó ná 100 acra. Na beithígh atá againn, is meascán iad de Holstein agus British Friesian. De ghnáth bíonn na ba ag breith ag tús míosa Feabhra agus leanann sé sin ar aghaidh ar feadh míosa go leith (6 seachtain). Coimeádaimid na bearaigh agus díolaimid na tairbh tar eis trí sheachtain. Téann na Friesian bulls go Mid-Kerry Mart i mBaile an Mhuilinn.

Caora: Chomh maith le sin tá 137 caora againn, is reithibh iad ar fad – Scottish Blackface. Saolaíodh ar an sliabh iad agus ceannaímid sa Neidín nó i Marglann Chathair Saidhbhín iad. Téann said amach sna páirceanna i rith an gheimhreidh. Díolaimid i mí an Mhárta iad agus bíonn an féir ana-thiubh ina ndiaidh.”

Mo pheata: “Tá lao agam mar pheata (sa ghrianghraf). Muirnín is ainm dí. Bhí breith ana-dheacair aici agus bhí sí ana-lag agus thugas aire ar leith dí. Tá sí cosúil le madra do mo leanúint ar feadh an lae.”

Na deacrachtaí: “Easpa airgid! Ní raibh a lán airgid sa bhainne anuraidh ach tá sé ag feabhsú anois.”

Mo chlann: “Tá deirfiúr amháin agam Niamh (15) agus ní bhíonn sí ag obair ar an bhfeirm ró-mhinic. Bíonn mo Mham agus Dhaid ana-ghnóthach ar an bhfeirm. De ghnáthach bíonn mo Mham ag crú agus bíonn mo Dhaid ag beathú na mbó. Tugaim féin aire dos na caoraigh agus na gamhna.”

Mo chuid suimeanna: “Tá ana-shuim agam sa Ghaelainn. Níl a fhios agam cén fáth ach b’fhéidir de bharr an dúchais, Is as Oileán Dairbhre do mo mháthair agus tá Gaelainn ag a muintir so is dócha gur phiocas suas focal nó dhó. Tá an Ghaelainn ana-úsáideach ar scoil! Chomh maith le sin bím ag ramhaíocht le Cumann Rámhaíochta Chaladh na Feirse in aice le Cill Orglan.

An Ghaeilge: “Tá súil agam go mbeidh sí ann sa todhchaí. Tá rud éigean speisialta fén teanga agus an cultúr a bhaineann léi. Tá an cheist sin ana-dhomhain – nílím ach ag déanamh na hArdteiste.”

Quotable quote: “Is breá liom an Irish Farmers Journal. Bhuaigh mo shean-athair Land Rover ón Journal sa 1980í! Ach ní rabhas ar an bhfód ag an am.”

*Seachtain na Gaelilge runs from 1 to 17 March. For a translation of this article, see ifj.ie/mfw.